Tá Seachfhreastalaí Snowflake ar cheann de na bealaí is fusa, is sábháilte agus is mó tionchair chun cabhrú le daoine cinsireacht a sheachaint, go háirithe má tá tú in áit a bhfuil idirlíon oscailte agus saor in aisce ann. Bíonn do ghléas, trí do sheoladh IP poiblí, ina dhroichead riachtanach do dhaoine ina bhfuil Tor blocáilte (in, abair, san Iaráin nó sa tSín) agus ina bhealach isteach chuig líonra Tor. Tá go leor bealaí ann ar féidir leat Seachfhreastalaí Snowflake a rith.
Níl tú féin ag úsáid Tor, níl ionat ach droichead do dhuine eile.
Tá an fhaisnéis go léir a théann trí do ghléas criptithe; níl aon rud le feiceáil agat.
Beidh tionchar ar do bhandaleithead, ach is beag é, agus is féidir leat teorainneacha a shocrú.
Rith Snowflake ó líonra iontaofa, gan srian, gan teorainn.
Nuair is féidir leat, socraigh teorainneacha maidir le cathain agus conas ba chóir go mbeadh an Seachfhreastalaí Snowflake ar fáil.
Ná húsáid é ar líonraí comhroinnte, poiblí ná corparáideacha inar féidir le riarthóirí trácht a bhac nó a mhíléirmhíniú.